Miguel de Cervantes
Scríbhneoir Spáinneach ba ea Miguel de Cervantes Saavedra (Alcalá de Henares, 29 Meán Fómhair 1547 - Maidrid 23 Aibreán 1616).
Tá aithne air mar gheall ar a leabhar cáiliúil Don Quixote nó El ingenioso hidalgo Don Quijote de la Mancha, an chéad úrscéal nua-aimseartha agus ceann de mhór-shaothair na litríochta domhanda.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]"Saol buile eachtraíochta dathannach a chaith Cervantes a d'éirigh aníos ina chuid scríbhneoireachta le fíoch éifeachta. Úrscéal ann féin is ea cúrsa a bheatha, nó níos fearr ná sin féin, script de chuid scannáin eipiciúil."[1]
B'éigean do Cervantes teicheadh óna chuid staidéir de dheasca comhraic aonair nuair ba mhac léinn é nó theascfaí an lámh de.
Ba shaighdiúir é i seirbhís na Spáinne. Throid Cervantes ag cath Lepanto, áit ar leonadh go dona é.[1]
Chaith Cervantes cúig bliana i bpríosún san Ailgéir; chaith sé ansin tamall mar oifigeach bailithe cánach
Theip ar Cervantes mar dhrámadóir agus mar fhile, ach d'éirigh go seoigh leis mar úrscéalaí.[1]
Rud íorónta atá bainteach le saol Cervantes ná go bhfuair seisean agus Shakespeare, beirt aithreacha na litríochta comhaimseartha, bás ar an dáta ceannann céanna, 23 Aibreán 1616.