Minéirve
Minerva | |
---|---|
Cineál | bandia dia an chogaidh dia Rómhánach |
Comhthéacs | |
Miotaseolaíocht | creidimh na Sean-Róimhe |
Bunaithe ar | Menrva (en) |
Dáta | |
Inscne | baineann |
Muintir | |
Céile | luach ar iarraidh |
Máthair | Metis |
Athair | Iúpatar |
Eile | |
Cuid de | Dii Consentes (en) |
Smacht | ceardaí, trade (en) , file agus múinteoir |
Siombail | Farnese Minerva (en) agus Statue of Minerva Victrix (en) |
Comhionann | Aitéiné, Senuna (en) , Belisama agus Sulis |
Is í Minéirve[1] nó Mineirve[2] (Laidin: Minerva) dia na heagna, na n-ealaíon, na cogaíochta straitéisí, agus chomh maith cosantóir na Róimhe agus pátrún na gceardaithe sa mhiotaseolaíocht Rómhánach. Tá sí ar aon dul le hAitéiné, sa mhiotaseolaíocht Heilléanach.
Teidil agus róil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag eascairt as dia Iodálach na gealaí darb ainm *Meneswā (“ise a thomhaiseann”), ghlac na hÉatrúscaigh leis an ainm Sean-Laidine *Menerwā, agus thugadar Menrva uirthi. Meastar go bhfuil a hainm Rómhánach, Minerva, bunaithe ar an miotaseolaíocht Éatrúscach seo. Ba í macasamhail Éatrúscach Aitéiné na Gréige. Cosúil le hAitéiné, phléasc Minéirve ó cheann a hathair, Iúpatar (Séas na Gréige), a d'alp a máthair (Metis) in iarracht nár éirigh léi a breith a chosc.
Dar leis an interpretatio Romana, deirtear go bhfuil gaol idir Minéirve, Tyche/Fortuna, Victoria agus Brid as miotaseolaíocht na nGael, cé gur pearsana éagsúla iad féin.
Adhradh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Teampaill
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cnoc an Chaipeatóil sa Róimh.