Muciarann
Cuma
Táirge foirnéis soinneáin is ea muciarainn. Ritear an t-iarann leáite i gcainéil isteach i múnlaí a bhíonn ceangailte leis na cainéil, cosúil le hál banbh ar chíoch a máthar. Bíonn céatadán ard carbóin san iarann múnla seo, timpeall 4%, agus is gá sin a laghdú go dtí níos lú ná 1% chun cruach a tháirgeadh.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Muciarann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 472.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |