Nan Ghriallais
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Áine Ghriallais |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 2 Aibreán 1936 Muiceanach idir Dhá Sháile, Éire |
Bás | 19 Samhain 2018 82 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí |
Teangacha | An Ghaeilge |
Gradam a fuarthas | |
Amhránaí ar an seannós ab ea Nan Ghriallais, Áine bean Uí Fhátharta (2 Aibreán 1936 - 19 Samhain 2018).[1][2] agus duine de mhóramhránaithe sean-nóis na hÉireann.[3][4]
Is í Nan Ghriallais an dara duine riamh a bhuaigh Corn Uí Riada nuair a thug sí an corn sin léi ag Oireachtas na Gaeilge i 1973.[5] Bhain beirt deirfiúracha léi Corn Uí Riada chomh maith, Sarah agus Nora.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Áine, nó Nan mar ba mhó a thugtaí uirthi, sa mbaile ar an 2 Aibreán 1936, Tógadh í i Muiceanach Idir Dhá Sháile, ar dhuine den dáréag clainne a bhí i dteaghlach ceolmhar mhuintir Ghriallais, a bhfuil a gcáil i bhfad is i ngearr as a gcumas fonnadóireachta. Bhí Nan ar an tríú duine clainne. agus oileadh í ar Scoil Náisiúnta Leitir Mucú. Bhuaigh sí an chéad duais i gcomórtas de chuid na feise agus gan í ach aon bhliain déag d’aois.
Mar a rinne a lán dá haois thug Nan a haghaidh ar Bhoston Mheiriceá sa bhliain 1952. Chaith sí roinnt blianta ann, ag déanamh obair tí den chuid is mó. Phós sí Seán Ó Fátharta (Seán an Fhátharta) as an Tuairín sa mbliain 1960 i mBostún.
In 1964 d'fhill sí ar Chonamara a dúchais, ar Mhuiceanach. Fuair sí post i dtús na seachtóidí leis an stáisiún nua Raidió na Gaeltachta, ag obair sa chistin. Thug sí fiche bliain ag obair ansin ó 1972 go 1992, nuair a chuaigh sí ar scor.
Aitheantas a bhí san onóir sin don mháistreacht agus an mhuinín as an ngnáth a bhí ag Nan as an amhrán agus as a dúchas ceoil féin agus an t-anam agus an nádúr a bhí ina cuid fonnadóireachta.
D’éag 19 Samhain 2018, tar éis a bheith tinn le tamaill anuas.[6]
I mí na Márta 2019 a bhásaigh a deirfiúr Nora Ghriallais, amhránaí cumasach eile, agus an t-aon bhean riamh a bhuaigh Corn Uí Riada trí huaire.[7] Bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life na bliana 2019 ar Nan, ar Nóra agus ar Sarah in éindí mar gheall ar an saibhriú a rinneadar ar an amhránaíocht ar an sean-nós.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht TG4 (2018). "An t-amhránaí sean-nóis mór le rá Nan Ghriallais tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ 2.0 2.1 "GHRIALLAIS, Áine (Nan), bean Uí Fhátharta (1936–2018)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-11-18.
- ↑ Tuairisc (Samhain 2018). "Nan Ghriallais, duine de mhóramhránaithe sean-nóis na hÉireann, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-18.
- ↑ Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.
- ↑ chas sí Amhrán Pheter Mhicil Báille
- ↑ Oireachtas na Gaeilge (2018). "Nan Ghriallais (Áine Uí Fhátharta) RIP". Dáta rochtana: 18 Samhain 2022.
- ↑ "Nóra Ghriallais – banríon an tsean-nóis ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-18.