Nikephorus II Phokas
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 912 An Chapadóic (an Impireacht Bhiosántach) |
Bás | Nollaig 969 56/57 bliana d'aois Cathair Chonstaintín |
Siocair bháis | Dúnbhású (Dícheannadh) |
Áit adhlactha | Church of the Holy Apostles (en) |
Impire Biosántach | |
16 Lúnasa 963 – 11 Nollaig 969 ← Romanos II (en) – John I Tzimiskes (en) → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saighdiúir, saighdiúir |
Teangacha | An tSean-Ghréigis |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | Gabháil na Créite ag na Biosántaigh agus Léigear Aleppo (962) |
Lá féile | 11 Nollaig |
Teaghlach | |
Teaghlach | Phokas (en) |
Céile | Theophano (963–969) |
Athair | Bardas Phokas Mór |
Siblín | Leo Phokas Óg |
Duine muinteartha | Basil II (leasmhac) Theodore Parsakoutenos (mac deirféar) |
An tImpire Biosántach idir 963 agus 969 ab ea Nikephorus II Phokas (nó Nicephorus II Phocas; 912 – 11 Nollaig 969). In ainneoin an ratha mhíleata a bhain sé amach le linn athbheochan na mBiosántach sa deichiú haois, impire conspóideach ab ea é i ndáiríre. De réir roinnt scríbhneoirí, eisean a spreag an choimhlint idir an Impireacht agus na Bulgáraigh, agus le linn dó bheith i réim, cailleadh an tSicil do na Moslamaigh. Anuas air sin, theip air dul i ngleic le Otto I, rí Gearmánach a rinne ionradh talún ar an Iodáil. Ag an am céanna, d'éirigh leis Cilicia a ghabháil agus fiú an Chipir a athghabháil don Impireacht, éachtaí a chuir ar a chumas dó a ionraí féin a dhéanamh ar an Leiveaint níos déanaí, nuair a d'éirigh leis dul chomh fada le Jazira. Ní raibh gnaoi an phobail air ina thír féin: bhí air an ráta cánach a ardú chun na feachtais mhíleata ar fad a mhaoiniú, agus bhí seasamh éagsúil aige i leith ceisteanna diagachta, rud a tharraing drochamhras a chomhghuaillithe air. Bhí a nia, John Tzimiskes, i measc na ndaoine a chaill muinín as, agus de réir seo, ghabh sé cumhacht tar éis dó Nikephorus a mharú ina leaba.