Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2019
Cineál | Olltoghchán na Ríochta Aontaithe toghchán tobann | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 12 Nollaig 2019 | |||
2024 → | ||||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Baint le limistéar údaráis | an Ríocht Aontaithe | |||
Oifig le buachan | Feisire Parlaiminte (An Ríocht Aontaithe) (650) | |||
Iarrthóir | An Páirtí Coimeádach (13,966,454) Páirtí an Lucht Oibre (10,269,051) Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba (1,242,380) An Páirtí Daonlathach Liobrálach (3,696,423) Páirtí Aontachtach Daonlathach (244,128) Sinn Féin (181,853) Plaid Cymru (153,265) Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (118,737) Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige (865,715) Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann (134,115) | |||
Iarrthóir ar éirigh leis/léi | An Páirtí Coimeádach Páirtí an Lucht Oibre Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba An Páirtí Daonlathach Liobrálach Páirtí Aontachtach Daonlathach Sinn Féin Plaid Cymru Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann | |||
Codanna | ||||
Reáchtáladh Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2019 sa Ríocht Aontaithe ar 12ú Mhí na Nollag 2019. Buaigh an páirtí 365 ceann de na 650 suíomh a bhí le fáil i dTeach na dTeachtaí, agus 44% de na guthanna.
Feachtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh an reachtaíocht maidir le holltoghchán a cheadú sa Bhreatain i mí na Nollag faoi bhráid Theach na dTiarnaí ar 30 Deireadh Fómhair 2019.[1]
Bhí tromlach glan tugtha ag pobal na Breataine do Pháirtí Caomhach an Phríomh-Aire Boris Johnson. Os cionn 360 suíochán a bhuaigh na Tóraithe san olltoghchán - gaisce nach ndearnadh ón mbliain 1987.[2]
Bhí Jeremy Corbyn agus Páirtí an Lucht Oibre cloíte. Ach bhí gaoth úr faoi sheolta Pháirtí Náisiúnta na hAlban a bhuaigh beagnach 50 suíochán. Éileoidh Nicola Sturgeon an dara reifreann ar neamhspleáchas na hAlban.
Dúirt an Príomh-Aire caithréimeach, Boris Johnson, go raibh sainordú láidir tugtha ag an bpobal dó "Breatimeacht" a chur i gcrích.
Rinne Leo Varadkar comhghairdeas le Boris Johnson as ollbhua na dTóraithe.[3][4][5]
Tuaisceart Éireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Den chéad uair riamh sa Tuaisceart, bhí níos mó suíochán ag náisiúnaithe ná aontachtaithe.
18 suíochán a bhí le líonadh sa Tuaisceart do Pharlaimint Westminster. Fuair an PAD 8 suíochán, Sinn Féin 7 gcinn, an PSDLO dhá shuíochán agus ceann amháin a fuair Páirtí na Comhghuaillíochta.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Reachtaíocht faoi olltoghchán sa Bhreatain le rith inniu" (as ga) (2019-10-30).
- ↑ Ciarán Lenoach (2019-12-12). "Tromlach glan ag na Tóraithe - bua rábach" (as ga).
- ↑ "Creathadh bainte as ‘plátaí teicteonacha’ na polaitíochta ó thuaidh – an Taoiseach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-13.
- ↑ "Amhras ar an Tánaiste faoi chinneadh Boris Johnson" (as ga) (2019-12-17).
- ↑ "Bua Johnson tréaslaithe leis ag an Taoiseach" (as ga) (2019-12-13).