Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Jump to content

Pailin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pailin

Is éard is pailin[1] ann ná na gnéaschealla fireanna de shíolphlandaí a tháirgtear go flúirseach in antair na bplandaí bláfara is saic pailine na ngimnispeirmeacha. Nuair a shroicheann an gráinne pailine stiogma an bhlátha nó crotal an chóin bhaininn, fásann an phailin feadán ar féidir léi a thoilleadh a aistriú chun an t-ubhán a thoirchiú.

Bíonn gráinní pailine an-éagsúil i méid, cruth, carachtar an dromchla, agus is féidir go gcabhraíonn siad seo uile ina ndáileadh. Bíonn pailin ghaothiompartha mín éadrom, na gráinní pailine a iompraíonn feithidí greamannach is níos troime. Bíonn cumhdach seachtrach an ghráinne (an t-eisín) an-fhrithsheasmhach i gcoinne meata, agus faightear pailin iontaisithe is déantar staidéar uirthi chun fásra an ama réamhstairiúil a anailísiú.[2]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): pailin” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-23.
  2. Hussey, Matt (2011). "Pailin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 503.