Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Jump to content

Paul Givan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPaul Givan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Deireadh Fómhair 1981
42 bliana d'aois
Lios na gCearrbhach, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Comhalta den Tionól Reachtach
5 Bealtaine 2022 –

Céad Aire Thuaisceart Éireann
17 Meitheamh 2021 – 4 Feabhra 2022 (éirí as)
← Arlene Foster
Ball den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann
3 Márta 2017 –


Minister of Communities (en) Aistrigh
25 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017
← Maurice MorrowDeirdre Hargey →
Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann
7 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball de 4ú Tionól Thuaisceart Éireann
6 Bealtaine 2011 – 24 Márta 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball den 3ú Tionól i dTuaisceart Éireann
11 Meitheamh 2010 – 24 Márta 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)

Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Uladh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Aontachtach Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Twitter: paulgivan Cuir in eagar ar Wikidata

Is feisire Stormont é Paul Givan (a rugadh ar 12 Deireadh Fómhair 1981) do thoghcheantar Ghleann an Lagáin i dTuaisceart Éireann.

I mí an Mheithimh 2021, bhí Givan ainmnithe mar Chéad-Aire an Tuaiscirt ag ceannaire an DUP Edwin Poots. D'éirigh go leor comhaltaí sinsearacha den DUP as an bpáirtí ag an am sin - ionadaithe tofa ina measc - tar éis do Edwin Poots agus a lucht tacaíochta an ruaig a chur ar Arlene Foster.[1] D'éirigh Givan as a ról mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann ar 3 Feabhra 2022.

Ceapadh Givan ina Aire Oideachais ar an 3 Feabhra 2024.[2]

Tá Paul Givan ina bhall tionóil ó 2010, nuair a ceapadh é in áit Jeffrey Donaldson a toghadh ina fheisire parlaiminte.

Baineann Givan  leis an eite choimeádach chéanna den DUP le Edwin Poots, ar chabhraigh Givan leis sa toghchán ceannaireachta sa pháirtí sa bhliain 2021.[3]

Thacaigh Givan cheana le múineadh an chruthaíochtachais i scoileanna.

Ceapadh Givan mar Aire Pobal sa bhliain 2016.

Céad-Aire Thuaisceart Éireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh Givan as mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann ar 3 Feabhra 2022.. Bhí an cinneadh seo ceangailte le hagóid leanúnach an DUP i gcoinne phrótacal Thuaisceart Éireann. Roimhe seo, d’ordaigh an tAire Talmhaíochta, Edwin Poots, cosc ar sheiceálacha iar-Brexit ag calafoirt an Tuaiscirt .[4]

Gaeilge agus oideachas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2016, chinn Paul Givan, mar Aire Pobal, deireadh a chur leis an sparánacht Ghaeltachta Líofa in ainneoin gur chuir oifigeach sinsearach ina Roinn ar a shúile dó go bhféadfadh a leithéid de chinneadh droch-cháil a tharraingt air sna meáin chumarsáide.[5]

Ansin bhí baint ag an gcinneadh eo a rinne Givan leis an aighneas idir Sinn Féin agus an DUP ó 2016 ar aghaidh; ba chúis é le titim an fheidhmeannais i Stormont sa bhliain 2017. Chuir an cinneadh deireadh a chur leis an sparánacht Ghaeltachta déistin ar phobal na Gaeilge.[6]

Dearcadh nua i 2021

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí imní ar roinnt daoine go gcuirfí Feidhmeannas Stormont i mbaol arís sa bhliain 2021 dá gceapfaí Paul Givan ina chéad-aire. Ach bhí gealltanais tugtha ag ceannairí nua an DUP go dtabharfadh siad isteach an reachtaíocht teanga a gealladh sa chomhaontú faoinar athbhunaíodh Stormont, Ré Nua, Cur Chuige Nua (New Decade, New Approach).[3]

Chosain Paul Givan fiú an reachtaíocht teanga ó aontachtóirí a mhaígh gurb amhlaidh go raibh Edwin Poots agus an DUP ag géilleadh go bog don éileamh ar acht Gaeilge.

Ceapadh Givan ina Aire Oideachais ar an 3 Feabhra 2024.[2] Dúirt Givan sé) go gcaithfeadh sé le gaelscoileanna amhail gach earnáil eile.

Bhuail sé leis an gComhairle Pobail Dhílseacha i mí Mheán Fómhair 2024.[7][8] Bhí an CPD ag cur go láidir in aghaidh bunscoil Ghaeilge a bhunú in oirthear Bhéal Feirste ag an am. Tuigtear gur chuir an LCC a ndearcadh ar an gceist in iúl do Givan sa chruinniú.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuacht RTÉ (2021-06-08). "Paul Givan ainmnithe mar Chéad-Aire ó thuaidh" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 "Lá stairiúil ar Chnoc an Anfa agus Michelle O’Neill tofa ina Céad-Aire" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-03). Dáta rochtana: 2024-09-30.
  3. 3.0 3.1 "Paul Givan le teacht i gcomharbacht ar Arlene Foster mar Chéad-Aire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-11.
  4. Conradh na Gaeilge, Londain (5/2/2022). "5 Feabhra 2022 (Baile Átha Cliath) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-02-13.
  5. "Fáilte curtha roimh fhiosrúchán faoi chinneadh Paul Givan deireadh a chur le sparánacht Líofa" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-11.
  6. Maitiú Ó Coimín (2017). "Sparánacht ‘Líofa’ curtha ar fáil arís ag Givan ach ‘an dochar déanta’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-11.
  7. Póilín Ní Chiaráin (29 Meán Fómhair 2024). "Scoil na Seolta agus an sean-DUP frithGhaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-30.
  8. Newsletter (2024-09-26). "The Loyalist Communities Council (LCC) hits back at critics after objecting to new Irish language school in east Belfast". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-09-26. Dáta rochtana: 2024-09-30.