Paul Henry (ealaíontóir)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1876 Béal Feirste, Northern Ireland |
Bás | 24 Lúnasa 1958 81/82 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Académie Julian Foras Ollscolach Bhéal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | péintéir, ealaíontóir |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Grace Henry Mabel Young |
Péintéir ba ea Paul Henry (11 Aibreán 1876 – 24 Lúnasa 1958).[1]
I mBéal Feirste a rugadh Henry in 1876 ach chaith sé go leor ama in iarthar na hÉireann. Chaith sé naoi mbliana ina chónaí in Acaill is ann a phéinteáil sé The Potato Diggers, a díoladh ar €400,000 in 2013.
Bhí sé i mbarr a réime i lár na 1930idí.[2]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2021, bhí os cionn £600,000 (thart ar €730,000) caite ar saothar de chuid Henry, radharc tíre dar teideal Mountains and Lake, Connemara, ag ceant i Londain. Ba é seo an méid is mó a íocadh riamh ar phictiúr de chuid Henry.[2] Bhí an pictiúr seo ar taispeáint i Músaem Uladh agus i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann ar feadh tamaill.
Sa bhliain 2020, íocadh breis is €400,000 inné ar radharc tíre dar teideal, A Sunny Day, Connemara. Cé go dtugann teideal an phictiúir, a déanadh thart ar an mbliain 1940, le fios gur radharc d’áit éigin i gConamara atá le feiceáil ann, ceaptar gur radharc d’Acaill atá i gceist.[3] Íocadh €105,000 ar shaothar eile le Paul Henry, Celtic Cross in a West of Ireland Landscape.[4]
In 2017, díoladh an pictiúr a rinne an t-ealaíontóir Feirsteach de loch i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ar €65,000.[5][6]
Phéinteáil Henry The Potato Diggers in Acaill, a díoladh ar €400,000 in 2013.
Modh oibre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Déanadh Paul Henry athchruthú uaireanta ar thírdhreach agus é ag péinteáil pictiúir. Ní gá go gcloífeadh sé i gcónaí le gnéithe iomlána an radhairc a bhí os a chomhair. Ní bhíodh leisce ar Henry sliabh a thógáil as radharc nó tithe a chur in áit nach raibh teach ar bith, de réir mar a d’fheil sé don phictiúr.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Féach (1978). "Artist Paul Henry / An exhibition of the work of artist Paul Henry opens at the Oriel Gallery in Dublin." (ga-IE). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2022-08-04.
- ↑ 2.0 2.1 "Breis is £600,000 ar phictiúr le Paul Henry de Chonamara ag ceant i Londain" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-04.
- ↑ 3.0 3.1 "€420,000 caite ar ‘A Sunny Day, Connemara’ – an pictiúr de chuid Paul Henry is costasaí a díoladh riamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-04.
- ↑ "Pictiúir as Dún Chaoin, An Bun Beag agus ceantair Ghaeltachta eile díolta ar na mílte euro ar ceant" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-04.
- ↑ "Pictiúir le Jack B Yeats de shaor bád as Carna gan díol ag ceant, ach ‘loch’ i gCorca Dhuibhne le Paul Henry ceannaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-04.
- ↑ "‘Saor bád’ as Carna agus ‘Loch i gCorca Dhuibhne’ le cur ar ceant i mBaile Átha Cliath" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-04.