Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Jump to content

Prótón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí CáithnínPrótón
Rangúnúicléón, hydron (en) Aistrigh, feirmíón agus monacaitian Cuir in eagar ar Wikidata
Comhdhéanamhuaschuarc, íoschuarc agus glúón Cuir in eagar ar Wikidata
idirghníomhaíochtaíidirghníomhú láidir, idirghníomhú leictreamaighnéadach, idirghníomhú lag agus imtharraingt Cuir in eagar ar Wikidata
Frithcháithnínfrithphrótón Cuir in eagar ar Wikidata
Fionnachtain1920 Cuir in eagar ar Wikidata
Lucht leictreach0 agus 1 Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint mhaighnéadach0.0015210322053 agus 0 Cuir in eagar ar Wikidata
Guairne0.5 Cuir in eagar ar Wikidata
Isoespín0.5 Cuir in eagar ar Wikidata
Paireacht1 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir Monte Carlo2212 Cuir in eagar ar Wikidata

Is cáithnín fo-adamhach é an prótón atá ar fáil i núicléas na n-adamh ar fad - mar sin, is núicléón é. Tá lucht leictreach deimhneach aige arb ionann é agus aonad fuaimintiúil amháin, nó 1.602 × 10−19 cúlóm. Is í an mhais atá in aon phrótón amháin ná 1.6726 × 10−27 cíleagram. Mar sin, tá sé 1836 uair níos troime ná an leictreon. De réir na mbreathnuithe, tá an prótón cobhsaí, is é sin, níl sé de chlaonadh ann titim as a chéile ná meath a theacht air. Ar a laghad, tá leathré an phrótóin níos faide ná 1035 bliain.

An t-iseatóp is tábhachtaí atá ag hidrigin, níl de núicléas aige ach aon phrótón amháin. Sin é an fáth go dtuigtear próitiam air, uaireanta, lena dhealú ón deoitéiriam agus ón tritiam, an dá iseatóp eile. Sa deoitéiriam, tá neodrón amháin mar leathbhádóir ag an bprótón, agus sa tritiam, tá dhá neodrón sa núicléas sa bhreis ar an bprótón. Tá na dúile eile ar fad níos cosúla leis an deoitéiriam agus an tritiam ná leis an bpróitiam, nó tá neodróin ina gcuid núicléas chomh maith le prótóin, agus an fórsa láidir núicléach idir na núicleoin ar fad á gcoinneáil le chéile.

Is é líon na bprótón i núicléas an adaimh a thaispeánann an dúil lena mbaineann an t-adamh áirithe sin. Is é sin, in aon adamh neodrach, caithfidh sé go bhfuil aon leictreon ann in aghaidh gach prótón, le lucht leictreach an núicléis a neodrú. Is é líon na leictreon, arb ionann é agus líon na bprótón, a shocraíonn saintréithe ceimiceacha an adaimh. Mar sin, is gnách a rá gurb é líon na bprótón i núicléas an adaimh a uimhir adamhach. I dtábla peiriadach na ndúl, tá na dúile curtha in ord ceann i ndiaidh a chéile de réir na n-uimhreacha seo.