Prospect Park
Prospect Park | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Stát sna Stáit Aontaithe | Nua-Eabhrac | |||
Cathair sna Stáit Aontaithe | Nua-Eabhrac | |||
Borough of New York City (en) | Brooklyn | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 526 acre | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 18 Deireadh Fómhair 1867 | |||
Eile | ||||
Suíomh gréasáin | prospectpark.org | |||
Páirc uirbeach i lár thuaidh Brooklyn, i gCathair Nua-Eabhrac, is ea Prospect Park. Tá an pháirc suite idir Park Slope, Windsor Terrace, Ascaill Flatbush, Grand Army Plaza agus Luibhghairdín Brooklyn. Is é 585 acra (237 ha) nó 2.1 cileamédar cearnacha achar na páirce. Bíonn ráchairt i measc an phobail ar an bpáirc: tugann timpeall 8 milliún duine cuairt uirthi gach bliain. Stiúrann an Prospect Park Alliance agus an Department of Parks and Recreation de chuid Chathair Nua-Eabhrac an pháirc.
Frederick Law Olmsted agus Calvert Vaux, ailtirí tírdhreacha, a dhear an pháirc i ndiaidh dóibh Central Park a leagan amach. Osclaíodh Prospect Park ar 19 Deireadh Fómhair 1867. Tá an pháirc suite ar shraith cnoc suas le 200 troigh ar airde chun an tuaiscirt agus ar thalamh mín sa deisceart. B'iad na hoighearshruthanna deireannacha an chúis leis an dá ghné fisiciúla den pháirc. Fearadh cuid de Chath Brooklyn (nó Cath an Oileáin Fhada) ar shuíomh na páirce sa bhliain 1776. Tá an loch is mó in Brooklyn (60 acra nó 24 ha) i ndeisceart na páirce.
Cuireadh Prospect Park ar an National Register of Historical Places ar 17 Meán Fómhair 1980.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- New York City Department of Parks and Recreation. Dáta rochtana 14 Meith. 2016
- Prospect Park Alliance. Dáta rochtana 15 Meith. 2016
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |