Rudraige mac Sithrigi
Beathaisnéis | |
---|---|
Siocair bháis | Plá |
Ardrí na hÉireann | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Páiste | Congal Cláiringnech, Bresal Bó-Díbad, Rossa Ruad |
Ba Ard-Rí na hÉireann é Rudhraí Mac Sithric (Sean-Ghaeilge Rudraige mac Sithrigi). Tháinig sé i réim tar éis dó a réamhtheachtaí, Crimthann Coscrach, a mharú. Bhí sé i gceannas ar feadh tríocha nó seachtó bliana, nuair a fuair sé bás den phlá ag Airgetglenn. Ba é Finnat Már mac Nia Segamain a chomharba.
Is sinsear é de Chlanna Rudhraí.
Clann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí baint ar leith ag Rudhraí le tuaisceart na tíre. Téann ginealach na nUladh siar chuige féin. Insítear i Leabhar Gabhála na hÉireann gurbh é seanathair laoch na nUladh, Conall Cearnach. Tugtar na daoine seo a leanas mar shliocht sa leabhar Stem of the Irish Nation le John O'Hart:[1]
- Bresal Bó-Díbad, Ard-Rí
- Congal Cláiringnech, Ard-Rí
- Conrach (athair Elime mhic Conraigh)
- Fachtna Fáthach (athair Chonchúir mhic Neasa)
- Ros Ruadh (athair Fhearghasa Mhic Róigh)
- Cionga (sinsear Chonaill Chearnaigh)
Uaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir roinnt traidisiúnta na gClann Rudhraí, tá uaigh Rudhraí le fáil i gCuan Dhún Droma,[2] Contae an Dún. Faightear ann freisin an Tonn Rudhraí, ar cheann de "Trí Thonn na hÉireann" atá luaite i nAnnála na gCeithre Máistrí, agus a bhfuil ainmnithe as, meastar.[3]
Achar ama
[cuir in eagar | athraigh foinse]I bhfoinsí ar leith, faightear croineolaíochtaí ar leith dá réim
- Leabhar Gabhála na hÉireann: réim le Ptolemy VIII Physcon (145–116 RC), bás le Ptolemy X Alexander I (110–88 RC).[4]
- Foras Feasa ar Éirinn: 184–154 RC,[5]
- Annála na gCeithre Máistrí: 289–219 RC.[6]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cronnelly, Richard Francis (1864). "A History of the Clanna-Rory, Or Rudricians: Descendants of Roderick the Great, Monarch of Ireland". Goodwin, Son and Nethercott.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Le léamh ar Library Ireland
- ↑ Cuan Dhún Droma ar logainm.ie
- ↑ M., M. (1901). "The "Three Waves" of Ancient Erin" Vol. 2, No. 24 (Jun. 29, 1901), ll. 184-185. All Ireland Review.
- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. agus aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 291-295
- ↑ Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn 1.30
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M4911-4981
Réamhtheachtaí Crimthann Coscrach |
Ard-Rí na hÉireann LGE 2a–1d haois RC FFE 184–154 RC ACM 289–219 RC |
Comharba Finnat Már |