Seacál
Canina | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Carnivora |
Fine | Canidae |
Fothreibh | Canina G.Fisch.Waldh., 1817 |
Is cainidí meánmhéide atá dúchasach don Afraic agus don Eoráise iad na seacáil. Sa lá atá inniu ann, déanann an téarma tagairt d'ainmhithe i dtrí speiceas: an seacál droma duibh (Lupulella mesomelas), an seacál taobhstríocach (Lupulella adusta), agus an seacál órga (Canis aureus).
Cé nach gcuimsíonn siad clád monaifíléiteach, is uiliteoirí faille iad na seacáil go léir, agus is creachadóirí agus scroblachóirí sciliúla iad. Cabhraíonn a gcosa fada agus a bhfiacla cuartha leo mamaigh bheaga, éin, agus reiptílí a sheilg. Is ainmhithe clapsholais iad, atá is gníomhaí ag breacadh an lae agus ag titim na hoíche.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagann an focal “seacál” ón fhocal Béarla “jackal” a théann siar go dtí 1600 agus a thagann ó chacal sa Fhraincis, ón Tuircis çakal, ón Peirsis شغال shoghāl, ón tSanscrait शृगाल śṛgāla a chiallaíonn “glafaire” (Béarla: howler).[1]
Speicis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Speiceas | Údarás | Raon |
---|---|---|
Seacál droma duibh Lupulella mesomelas |
Schreber, 1775 | Deisceart na hAfraice agus cósta thoir na Céinia, an tSomáil, agus an Aetóip |
Seacál taobhstríocach Lupulella adustus |
Sundevall, 1847 | An Afraic Láir agus Deisceart an hAfraice |
Seacál órga Canis aureus |
Linnaeus, 1758 | Oirdheisceart na hEorpa, an Meánoirthear, iarthar na hÁise, agus an Áise Theas |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The American Heritage Dictionary of the English Language" .