Siondróm duine-stromptha
Cineál | neamhord corraíola |
---|---|
Speisialtacht leighis | néareolaíocht |
Aicmiú | |
ICD-10 | G25.82 |
ICD-9 | 333.91 |
Acmhainní seachtracha | |
OMIM | 184850 |
DiseasesDB | 12428 |
MeSH | D016750 |
Orphanet | 3198 |
UMLS CUI | C0085292 |
DOID | DOID:13366 |
Is neamhord néareolaíoch neamhchoitianta é siondróm duine-stromptha (SDS),[1] a bhfuil a chúis neamhshoiléir. Sainairíonna an neamhoird ná righneas nó strompaíocht matáin forchéimnitheach. Bíonn tionchar ag an righneas go príomha ar na matáin chabhlaigh agus freangaí neamhdheonacha mar chomhartha sóirt ag an ngalar seo, rud a fhágann míchumaí staidiúire. Is comharthaí coitianta iad pian ainsealach, soghluaisteacht lagaithe, agus hipearlordóis lumbach. [2][3]
Tarlaíonn SDS i thart ar dhuine as gach milliún duine agus is i measc daoine meánaosta is coitianta a fhaightear é. Tá an riocht paraneoplasmach ag mionlach beag na n-othar. Is minic a fheictear athraithigh den riocht, cosúil le siondróm géag-stromptha, a théann i bhfeidhm go príomha ar ghéag ar leith.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Neuromuscular Disorders of Infancy, Childhood, and Adolescence" (in en) (2014). Elsevier Science. ISBN 978-0-12-417127-5. “The stiff-man syndrome (SMS, also known as stiff-person syndrome) is a rare central nervous system autoimmune disease, but is likely underrecognized.”
- ↑ “Stiff-Person Syndrome | National Institute of Neurological Disorders and Stroke”. www.ninds.nih.gov. Dáta rochtana: 2023-01-18.
- ↑ “Stiff person syndrome - About the Disease - Genetic and Rare Diseases Information Center” (en). rarediseases.info.nih.gov. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-11-15. Dáta rochtana: 2023-01-18.