Staidéar cohóirt
Cuma
Modh eolaíoch a úsáidtear i gcúrsaí leighis chun cúis galair a dhéanamh amach. Déantar staidéar ar dhíorma daoine a nochtadh d'fhachtóir a mheastar a bheith amhrasach. Rianaítear iad thar am, agus déantar comparáid le díorma inchurtha nár nochtadh dó, féacaint an bhfuil difríocht staitistiúil idir na codáin den dá dhíorma a tholg an galar atá faoi scrúdú. Mar shampla, i staidéir mar seo fuarthas gur tharla rátaí ailse na scamhóg níos airde i measc caiteoirí toitíní.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Staidéar cohóirt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 623.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |