Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Jump to content

The Murder Machine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Paimfléad is ea 'The Murder Machine' (Gaeilge: An tInneall Dúnmharaithe) le Pádraig Mac Piarais a foilsíodh i mí Eanáir 1916. [1] [2]

Oideachas an Phiarsaigh féin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhreastail an Piarsach féin ar scoil phríobháideach ó 1886 go 1891, ansin d'fhreastail sé ar Mheánscoil na mBráithre Críostaí, Rae an Iarthair ó 1891 go 1896. [3] Rinne sé scrúdú máithreánach de chuid an Ollscoil Ríoga na hÉireann in 1898 agus bronnadh céimeanna Baitsiléir Ealaíon agus Baitsiléir Dlíthe air faoi 1901. [3] Ba iad na hábhair ealaíon a bhí aige ná Gaeilge, Béarla agus Fraincis. [3]

An Piarsach mar oideachasóir

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhostaigh na Bráithre Críostaí é mar theagascóir ina gcuid scoileanna. [3] Chomh maith le freastal ar léachtaí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath thug sé léachtaí páirtaimseartha ar an nGaeilge ansin ó 1899 go 1902 agus mhúin sé Gaeilge i gColáiste Alexandra ó 1904 go 1905. [3] Thug sé léachtaí níos foirmiúla ar an nGaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ón mbliain 1906 amach.[3]

Bhí sé gníomhach i Scoil Naomh Éanna a reáchtáil. [3]

Sa phaimfléad cháin sé an córas scoile a bhí ann mar gheall ar "the national factor" a eisiamh. [3] Scríobh sé; "The school system which neglects it, commits, even from the purely pedagogic point of view, a primary blunder. It neglects one of the most powerful of educational resources". [3] D’áitigh sé "In a true education system religion, patriotism, literature, art and science would be brought in such a way into the lives of boys and girls as to affect their character and conduct". [3] Scríobh sé "The main object in education is to help the child to be his own true self." agus gurbh í an aidhm ná " "to foster the elements of character native to the soul, to help bring these to their full perfection, rather than to implement exotic excellences" [3]

D’áitigh sé ar son athchóiriú nach raibh ann ach "a plea for freedom within the law".[1] Ba cheart go mbeadh saoirse ag múinteoirí cinneadh a dhéanamh faoin méid a theastaigh ó dhaltaí a fhoghlaim gan ualach an chórais scrúdaithe stáit.[1] In Éirinn neamhspleách amach anseo bheadh an córas scoile dátheangach.[1]

Chuir sé i gcoinne an stáit, a leag béim ar churaclaim agus scrúduithe caighdeánacha.[1] Bhí scoileanna á reáchtáil ag eaglaisí den chuid ba mhó, cé nach ndearna sé tagairt ach amháin do Clongowes Wood College agus tagairt fhánach don eaglais a choinnigh“ "a portion of the machinery".[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Dublin Review of Books. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "drb-patrick-pearse-predicts-the-future" defined multiple times with different content
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Century Ireland.
  3. 3.00 3.01 3.02 3.03 3.04 3.05 3.06 3.07 3.08 3.09 3.10 Coolahan (2016–2017). “Pádraig Pearse the Educationalist”. Education Matters 17–24. Dáta rochtana: 16 February 2021. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "em-yearbook-2916-2017" defined multiple times with different content

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]