The Podge and Rodge Show
Seánra | clár cainte |
---|---|
Príomhábhar | teaghlach mífheidhmiúil |
Aisteoirí | |
Tír | Éire |
Bunteanga | Béarla |
Teanga | Béarla |
Bealach teilifíse | RTÉ a Dó |
An chéad eipeasóid | 6 Feabhra 2006 |
An eipeasóid dheireanach | 27 Aibreán 2010 |
Líon séasúr | 5 |
Líon eipeasóidí | 164 |
Liosta eipeasóidí | list of The Podge and Rodge Show episodes (en) |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh oifigiúil | rte.ie… |
Clár siamsaíochta Éireannach do dhaoine fásta é The Podge and Rodge Show a craoladh dé Luan agus dé Máirt ar RTÉ 2. Cuireann dhá phuipéid i láthair é: Podge agus Rodge, agus is í Lucy Kennedy an "leas-láithreoir" ar an gclár.
Is clár coiméideach é, ina ndéantar agallamh le daoine cáiliúla agus cuirtear ceisteanna drochbhéasacha orthu a chuireann náire ar na daoine faoi agallamh ó am go chéile. I measc na ndaoine a bhí ar an gclár bhí Bláthnaid Ní Chofaigh, Dicky Rock, Síle Seoige agus Keith Duffy.
I rith an chláir bíonn cluichí ar siúl leis an lucht féachana, agus bíonn Lucy Kennedy amuigh ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath ag déanamh suirbhéanna do Phodge agus Rodge.
Thosaigh Podge agus Rodge amach ar The Den le Ian Dempsey sna 1990í agus chuaigh siad go A Scare at Bedtime with Podge and Rodge sa bhliain 1999, ach tá an sean-chlár críochnaithe inniu. Sa bhliain 2006 craoladh seó beo de chuid Podge & Rodge i Vicar Street darbh ainm Desperate for Housewives.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol teilifíse é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |