Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Jump to content

Tim Walz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTim Walz

(2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Timothy James Walz Cuir in eagar ar Wikidata
6 Aibreán 1964
60 bliana d'aois
West Point, Nebraska Cuir in eagar ar Wikidata
41 Gobharnóir Minnesota
7 Eanáir 2019 –
← Mark Dayton
Ionadaí na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2017 – 3 Eanáir 2019


Ionadaí na Stát Aontaithe
6 Eanáir 2015 – 3 Eanáir 2017


Ionadaí na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2013 – 3 Eanáir 2015


Ionadaí na Stát Aontaithe
5 Eanáir 2011 – 3 Eanáir 2013


Ionadaí na Stát Aontaithe
6 Eanáir 2009 – 3 Eanáir 2011


Ionadaí na Stát Aontaithe
4 Eanáir 2007 – 3 Eanáir 2009


Faisnéis phearsanta
ReiligiúnLiútarachas
Scoil a d'fhreastail sé/síChadron State College (en) Aistrigh - eolaíocht shóisialta (–1989)
Minnesota State University, Mankato (en) Aistrigh - educational leadership (en) Aistrigh (–2001)
Saint Mary's University of Minnesota (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Eolaíochta
Máistir Eolaíochta
Áit chónaitheMankato
Minnesota Governor's Residence (en) Aistrigh
Valentine
Butte
Alliance
Teanga dhúchaisBéarla Meiriceánach agus Béarla
LámhcheannasDeasógacht
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Washington, D.C. (–2019)
Mankato
Saint Paul
Alliance Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, oideoir, non-commissioned officer (en) Aistrigh, cóitseálaí peile Meiriceánaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirWorldTeach (en) Aistrigh
Mankato West High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaMinnesota Democratic–Farmer–Labor Party (en) Aistrigh
an Páirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus Béarla Meiriceánach
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Stát Aontaithe, Nebraska Army National Guard (en) Aistrigh agus Minnesota Army National Guard (en) Aistrigh
Céim mhíleataCommand Sergeant Major (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtOperation Enduring Freedom (en) Aistrigh
Spórtpeil Mheiriceánach Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
21 Iúil 2024Kamala Harris 2024 presidential campaign (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileGwen Walz (1994–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteHope Walz, Gus Walz Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Veu de Tim Walz (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm9611972 Rottentomatoes: celebrity/tim_walz Metacritic: person/tim-walz
Facebook: GovTimWalz Twitter: GovTimWalz Instagram: walzforgovernor Youtube: UCAaYwb6XgcSVZ-5s3ei2g6g TikTok: timwalz Flickr: 144763110@N08 Last fm: Gov.+Tim+Walz Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Meiriceánach é Timothy James Walz (a rugadh ar an 6 Aibreán 1964); iarmhúinteoir ardscoile is ea é chomh maith agus chaith sé 24 bliain mar bhall den Gharda Náisiúnta. Toghadh é mar an 41ú gobharnóir ar Minnesota sa bhliain 2019. Is ball den Pháirtí Daonlathach é.[1]

I mí Lúnasa 2024, roghnaigh iarrthóir uachtaránachta an Pháirtí Dhaonlathaigh Kamala Harris Walz le bheith ina iarrthóir leasuachtaránachta aici i dToghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024. Deirtear gur líofa an t-óráidí é agus bhí daoine áirithe an-tógtha leis an gcáineadh a rinne sé tamall roimhe sin ar Donald Trump agus ar a chomhiarrthóir siúd JD Vance.[2] Tharraing sé aird na tíre air féin nuair a dúirt sé go raibh Donald Trump agus a chomhbhádóir JD Vance “aisteach” (nó 'weird' i mBéarla).

1981
2006
2013
2024

Rugadh Walz i West Point, Nebraska agus faoin tuath in Nebraska a d’fhás sé aníos.

Chuaigh sé isteach i nGarda Náisiúnta an Airm agus d'oibrigh sé sa talmhaíocht, déantúsaíocht agus teagasc tar éis na hardscoile.[3] Bhain sé céim amach níos déanaí ó Chadron State College i Nebraska sular bhog sé go Minnesota i 1996. D'oibrigh sé ansin mar mhúinteoir staidéir shóisialta agus mar chóitseálaí peile i gceantar scoile Mankato . [4]

Bhí sé ina bhall de Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe ó 2007 go 2019, ag déanamh ionadaíochta ar an 1ú ceantar comhdhála de chuid Minnesota. Rinne sé ionadaíocht ar cheantar mór tuaithe de dheisceart Minnesota, suite feadh na teorann le hIowa.

Toghadh é don chéad uair in 2006 nuair a chuir sé an ruaig a chur ar an sealbhóir Poblachtach sé théarma Gil Gutknecht. Toghadh é cúig huaire, ag éirí as i 2019 tar éis dó a bheith tofa ina ghobharnóir.

Toghadh Walz ina ghobharnóir ar Minnesota ar an 6 Samhain 2018, ag fáil an ceann is fearr ar ainmní na bPoblachtach, coimisinéir Chontae Hennepin, Jeff Johnson.[5] Atoghadh é i dtoghchán gobharnóra Minnesota 2022, ag sárú Scott Jensen, Poblachtach.[6][7]

Tá an cháil ar Walz gur forásaí é a deir an rud atá ar a chroí agus go bhfuil bealach lách aige fiú agus é ar an ionsaí.[1] Eisean a bhí i bhfeighil le linn na gcíréibeacha in Minneapolis a lean dúnmharú George Floyd in 2020. Labhair sé amach le linn na n-agóidí. Ritheadh dlíthe in aghaidh foréigin in Minnesota níos déanaí.

Ar 6 Lúnasa, 2024, d'fhógair an Leasuachtarán Kamala Harris go raibh Walz roghnaithe aici mar chomhiarrthóir i dToghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024.[8][9][10] Tháinig sé chun cinn ainneoin go leor sa bpáirtí a bheith den tuairim gur cheart gobharnóir Pennsylvania Josh Shapiro a roghnú.[11]

Bhí Walz 60 bliain d'aois nuair a roghnaigh Harris é mar iarrthóir – gan é ach tuairim is sé mhí níos sine ná Kamala Harris.

Tá Walz ina chónaí i gCathair St Paul, mar ar lonnaigh Gaeil go leor san am a caitheadh, go háirithe muintir Chonamara.

Phós sé Gwen Whipple in 1994. Rugadh a iníon Hope in 2001 agus a mhac Gus in 2006. Maraíodh a dheartháir in 2016 nuair a thit crann air.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 "Tim Walz, gobharnóir Minnesota, roghnaithe ag Kamala Harris mar leathbhádóir sa toghchán uachtaránachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-08-06). Dáta rochtana: 2024-08-06.
  2. Nuacht RTÉ (2024-08-06). "Tim Walz roghnaithe ag Kamala Harris don leasuachtaránacht" (as ga-IE). 
  3. About” (en-US). Tim Walz for Governor. Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 23, 2022. Dáta rochtana: 2022-03-30.
  4. Elections 2008”. Chicago Sun-Times (October 23, 2008). Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 16, 2011. Dáta rochtana: October 24, 2008.
  5. "Tim Walz defeats Jeff Johnson in high-stakes election for Minnesota governor". Star Tribune.
  6. "Democrat Tim Walz wins 2nd term as Minnesota’s governor". AP News.
  7. "Gov. Walz wins against challenger Dr. Scott Jensen" (en-US).
  8. "Tim Walz Is Kamala Harris’s Choice for Vice President: Live Election Updates" (en-US). The New York Times.
  9. "Election 2024 live updates: Harris picks Minnesota Gov. Tim Walz as her running mate" (en).
  10. "Harris taps Minnesota Gov. Tim Walz as her running mate". NPR.
  11. 11.0 11.1 Máirín Ní Ghadhra (7 Lúnasa 2024). "A rogha déanta ag Kamala Harris le tabhairt faoi Trump agus Vance ‘aisteach’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-07.