Uimhir fhoirfe
Cuma
Cineál | cineál slánuimhreach |
---|---|
Airíonna | |
Foirmlí | |
Slonn ailgéabrach |
Sa mhatamaitic, is uimhir í an uimhir fhoirfe a bhfuil suim a roinnteoirí cothrom leis an uimhir féin. Mar shampla is iad roinnteoirí 6 ná 1, 2, 3, agus 1 + 2 + 3 = 6. Is iad roinnteoirí 28 ná 1, 2, 4, 7, 14, agus 1 + 2 + 4 + 7 + 14 = 28. Is í 496 an chéad uimhir fhoirfe eile. Thug Eoiclídéas an fhoirmle seo ina Uraiceacht chun uimhreacha foirfe a aimsiú: más uimhir phríomha í 2n - 1, is uimhir fhoirfe 2n-1 (2n - 1). Is ré-uimhreacha iad na huimhreacha foirfe ar fad a aimsíodh go dtí seo, níl a fhios an bhfuil a leithéid de rud agus corruimhir fhoirfe ann.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Uimhir fhoirfe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 688.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann leis an matamaitic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |