Wilhelm I, Impire na Gearmáine
Rí na Prúise ó 2 Eanáir 1861 agus Impire na Gearmáine ó 18 Eanáir 1871 ab ea Wilhelm I (ainm iomlán: Wilhelm Friedrich Ludwig von Preußen ; 22 Márta 1797 – 9 Márta 1888) go dtí gur éag sé sa bhliain 1888. Ball de Thealach Hohenzollern, ba é an chéad cheann stáit de Ghearmáin aontaithe. Bhí sé ina cheannaire de facto ar stát na Prúise ó 1858, nuair a rinneadh leasrí des dá dheartháir Friedrich Wilhelm IV., agus rinneadh rí de, trí bliana ina dhiaidh, nuair a fuair a dheartháir Friedrich bás.
Faoi cheannaireacht Wilhelm I agus a phríomh-aire Otto von Bismarck bhain an Phrúis aontú na Gearmáine agus bunú Impireacht na Gearmáine amach. In ainneoin na tacaíochta fada a thug sé do Bhismarck mar Ministerpräsidenten (aire-uachtarán), bhí amhrais láidre ag William faoi chuid de pholasaithe ní ba fhrithghníomhaí Bhismarck, lena n-áirítear a fhrith-Chaitliceachas agus an bealach righin a chaith sé lena láimhseáil sé a fhostaí. I gcodarsnacht le Bismarck tiarnasach, cuireadh síos ar William mar dea-bhéasach, uasal agus, cé go diongbháilte coimeádach, níos oscailte do smaointe liobrálacha áirithe ná a gharmhac Wilhelm II, ar tugadh Wilhelm Mór (Gearmáinis: der Große) air le linn a réimis.
Luathshaol agus gairm mhíleata
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh an rí agus an t-impire amach anseo Wilhelm Friedrich Ludwig na Prúise (Wilhelm Friedrich Ludwig von Preußen) sa Kronprinzenpalais (Pálás an Rídhamhna) i mBeirlín an 22 Márta 1797. Mar an dara mac de Luise von Mecklenburg-Strelitz agus Prionsa Friedrich Wilhelm, é féin, mac Rí Friedrich Wilhelm II, Ní rabhthas ag súil go n-ardódh Wilhelm go dtí an ríchathaoir.
Blianta níos déanaí agus a bhás
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’éag Wilhelm I ar 9 Márta 1888 agus níor mhair a mhac Friedrich III ach trí mhí ina dhiaidh. Ba é garmhac Wilhelm I, Wilhelm II, a tháinig i gcomharbacht ar an 15 Meitheamh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin Ghearmáin é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |