2. Aidhmeanna na Ceardlainne:
Go mbeidh tuiscint níos fearr agat ar:
• thábhacht scil na héisteachta i bhforbairt scileanna
teanga eile agus sa phróiseas sealbhaithe teanga.
• faoi na gnéithe éagsúla a bhfuil tionchar acu ar
fhorbairt scil na héisteachta.
• na 3 chéim i gcothú scil na héisteachta.
3. An Éisteacht
• Tá ról lárnach ag an éisteacht in úsáid
teanga.
• Úsáidtear an éisteacht dhá uair níos
minice ná an labhairt. (Rivers 1981)
• Úsáidtear an éisteacht ceithre huaire níos
minice ná an scríbhneoireacht nó an
léitheoireacht. (Wolvin & Coakley 1991)
• Déantar faillí go minic i bhforbairt scil na
héisteachta
8. Gnéithe le cur san áireamh …
• Ba chóir aidhm chinnte a bheith ag an tasc éisteachta.
• Ba chóir don éisteacht a bheith ábharthach/réalaíoch.
• Ba chóir foinsí dílse a úsáid.
• Ba chóir deis a chur ar fáil an topaic/ábhar a phlé
roimh ré.
• Ba chóir straitéisí éisteachta a fhorbairt.
• Ba chóir aidhm teagaisc seachas tástála a bheith ag
an tasc
• Ba chóir don tasc feabhas a chur ar an éisteacht.
9. • Ní scil tánaisteach í an éisteacht.
• Ní chaithfidh na foghlaimeoirí gach uile
fhocal a thuiscint
• Ní scrúdú cuimhne é.
• Ní cóir an téacs scríofa a thabhairt – ag
brath ar an tasc.
Gnéithe le cur san áireamh (ar lean)
10. Treoirlínte ginearálta
• Bíodh an mhír éisteachta gearr.
• Tabhair an tasc roimh an éisteacht.
• Seinn an mhír éisteachta neart uaireanta.
• Lig do na foghlaimeoirí a gcuid freagraí a phlé.
• Freagraí srathaithe a fháil.
• Ba chóir don tasc a bheith indéanta.
• Cuir an tasc agus ní an mhír éisteachta in
oiriúint.
11. Treoirlínte ginearálta (ar lean)
• Tá an bhéim ar an bpróiseas, ní ar an
bhfreagra ceart.
(‘Próiseas’ seachas ‘Táirge’- Scrivener)
• Má éiríonn le foghlaimeoir na freagraí
cearta a fháil tar éis na chéad éisteachta –
ní raibh an tasc dúshlánach go leor.
(Scrivener)
14. Réamh-éisteacht
• Aidhm - suim an fhoghlaimeora a mhúscailt.
• Plé a dhéanamh ar an ábhar.
• Nasc le réamheolas/foclóir/nathanna….
• Tuar a dhéanamh faoi ábhar na míre, leagan
amach, struchtúr.
• Tobsmaointeoireacht.
15. Le linn éisteachta
• Lig do na foghlaimeoirí teacht ar mhórbhrí
na míre ar dtús.
• Ná cuir ceisteanna ag lorg mionsonraí tar
éis na chéad éisteachta.
• Iarr ar na foghlaimeoirí buille faoi thuairim a
thabhairt tar éis na chéad éisteachta.
• Lig dóibh i mbeirteanna an t-eolas a
bhailigh siad a roinnt ar a chéile.
16. Le linn éisteachta (ar lean)
• Faigh aiseolas ó na foghlaimeoirí agus
scríobh an t-eolas ceart agus mícheart ar an
gclár bán. (Tabharfaidh sé fócas don dara
héisteacht).
• Seinn an mhír roinnt uaireanta chun ligean
dóibh an mhórbhrí a fháil.
• Dírigh na ceisteanna ar na codanna atá
indéanta ag na foghlaimeoirí.
17. Le linn éisteachta (ar lean)
• Dian-éisteacht
Úsáidtear dian-éisteacht le gnéithe áirithe den
téacs.
• Ní dhéantar dian-éisteacht go dtí go mbíonn
mórbhrí na míre ag na foghlaimeoirí.
• Is féidir díriú ar ghnéithe sonracha sa dian-
éisteacht.
18. Iar-éisteacht
• Ba chóir gníomhaíochtaí iar-éisteachta a
bheith ann chun tógáil ar an obair éisteachta
agus a bhfuil foghlamtha a threisiú.
• Cuidíonn na gníomhaíochtaí seo le
hathchúrsáil foclóra/nathanna/struchtúr…
23. Cur chuige don éisteacht -
achoimre
• Tá tábhacht ag baint le hionchur leathan.
• Caithfear tacú leis na foghlaimeoirí straitéisí
éifeachtacha a fhorbairt.
• Bíodh neart ama ar fáil don éisteacht.
• Lig do na foghlaimeoirí plé a dhéanamh chun
foghlaim óna chéile.
• Bíodh an éisteacht mar chuid den obair bhaile.
• Is scil dhúshlánach í ach caithfear í a
chleachtadh.
24. Aidhmeanna na Ceardlainne:
An bhfuil tuiscint níos fearr agat ar:
• thábhacht scil na héisteachta i bhforbairt scileanna
teanga eile agus sa phróiseas sealbhaithe teanga?
• na gnéithe éagsúla a bhfuil tionchar acu ar fhorbairt
scil na héisteachta?
• na 3 chéim i gcothú scil na héisteachta?