Eugenio Montale
File agus údar de chuid na hIodáile ba ea Eugenio Montale (a rugadh 12 Deireadh Fómhair 1896 in Genova agus a d'éag 12 Meán Fómhair 1981 in Milano). Bhain sé Duais Nobel na Litríochta amach sa bhliain 1975.
Saol
cuir in eagarAn duine ab óige de sheisear a bhí ann. Chuaigh sé sna saighdiúirí sa bhliain 1917 agus chaith sé an bhliain dheireanach den Chéad Chogadh Domhanda ag troid sa Tioróil Theas i dtuaisceart na hIodáile.
Ag deireadh an chogaidh, chuir sé faoi in Genova agus músclaíodh a shuim i gcúrsaí litríochta. Chuir sé aithne ar scríbhneoirí agus ar léirmheastóirí na háite agus bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar an nuachtán Primo Tempo.
Cuireadh a chéad leabhar, Ossi di Seppia, i gcló sa bhliain 1925. Thug an nádúr inspioráid dó, agus faoin am seo, scríobh sí go spéisiúil faoi thírdhreach agus atmaisféir Liguria.
Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhog sé go dtí Flórans mar a raibh an leabharlann Gabinetto Vieusseux faoina chúram.
Briseadh as an bpost sin é sa bhliain 1938 toisc gur dhiúltaigh sé dul sa pháirtí faisisteach. An bhliain dár gcionn d'fhoilsigh Montale an dara leabhar aige, Le Occasioni. Faoin am seo bhí sé ag obair le nuachtán i bhFlórans. Ó 1948 amach, bhí sé le Corriere della Sera in Milano.
Tháinig La Bufera ar an saol sa bhliain 1956, agus Satura sa bhliain 1971.
Saothar
cuir in eagar- 1925/28 - Ossi di seppia
- 1938 - Le Occasioni
- 1943 - Finisterre
- 1956 - La bufera e altro
- 1971 - Satura
- 1973 - Diario del '71 del '72
Filíocht
cuir in eagarPLANDAÍ — do Eugenio Montale, le Seán Ó Leocháin[1]
cuir in eagarNach dtabharfá chugam an bláth beag buí? –
tá a fhios agat an ceann,
é agat leis na blianta ar chúl an tí.
Má théann sé i bhfréamh
i mo chréafóg thanaí
tiocfaidh fad ar mo shaol:
a cheann chun na spéire aige,
gan ach scamaill os a chionn
is gan a mhalairt i ndán dó
chomh fada ó bhaile, é lán d’imní,
an séasúr le cur de aige
ag teacht chuige féin
nó ag dul ar neamhní.
Na nithe a bhí doiléir,
tá siad doiléir i gcónaí:
cé gurb olc an comhartha
mar a sheasann sé an fód,
beo ar éigean chomh fada óna thaithí
is gan tógáil a chinn aige
i gceartlár an ghairdín,
mairfidh sé go brách
má éiríonn leis teacht tríd
cé nach féidir linn a rá
go mbeidh sé chomh maith is a bhí,
a aghaidh chun na spéire aige,
é ag dul le báiní.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ PLANDAÍ — do Eugenio Montale, le Seán Ó Leocháin (2014). "Feasta - dán". www.feasta.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-19. Dáta rochtana: 2021-09-12.