Leo Varadkar
Polaiteoir Éireannach de chuid Fhine Gael is ea Leo Varadkar (Maraitis: लिओ वराडकर Gaeilge: Leo de Varad), (a rugadh ar 18 Eanáir 1979).[1] Is Teachta Dála é do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Is ceannaire Fine Gael é ó Mheitheamh 2017.
Ceapadh é ina Thaoiseach don chéad uair ar 14 Meitheamh 2017,[2] agus arís ar 17 Nollaig 2022. 38 bliain d’aois a bhí Varadkar nuair a ceapadh ina Thaoiseach den chéad uair é in 2017. Ba é an Taoiseach is óige riamh agus bhí sé ar an gcéad duine aerach le bheith ina Thaoiseach.[3] D'fhógair sé ar 20 Márta 2024 go n-éireodh sé as mar cheannaire Fhine Gael agus mar Thaoiseach.[4][5][6][7]
Teachta Dála
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Varadkar ina bhall de Young Fine Gael, óg-ghluaiseacht an pháirtí, i gColáiste na Tríonóide.
Comhthoghadh é do Chomhairle Chontae Fhine Gall in áit Sheila Terry sa bhliain 2003 (24 bliain d'aois). Atoghadh é don chomhairle i gceantar Chaisleán Cnucha sa bhliain 2004 (fuair sé an vóta chéad rogha is airde sa stát).
Toghadh Varadkar chun na Dála den chéad uair sa bhliain 2007 (28 bliain d'aois) agus atoghadh é sa bhliain 2011. Ba urlabhraí Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta an pháirtí é ó 2007 go 2010.
Bhí Varadkar páirteach in iarracht ceannaireacht an pháirtí a bhaint ó Éanna Ó Coinnigh sa bhliain 2010. Theip ar an iarracht ach athcheapadh é don bhinse tosaigh mar urlabhraí Cumarsáide agus Acmhainní Nádúrtha.
Aire
[cuir in eagar | athraigh foinse]2011
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 9 Márta 2011, ceapadh Varadkar mar Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt sa chomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a socraíodh tar éis olltoghchán 2011.
Threoraigh Varadkar roinnt áirithe tionscnamh mar Aire Iompair, Turasóireachta & Spóirt (2011-14):
- Ghlac Varadkar an cinneadh ó thaobh líonraí comaitéireachta an iarnróid éadroim agus an iarnróid throm a nascadh le chéile i mBaile Átha Cliath trí Thionscadal Traschathrach Luas;
- D’oscail Varadkar a thuilleadh busbhealaí i gcomhair na hiomaíochta;
- Rinne Varadkar forbairt a atosú ar an gCampas Náisiúnta Spóirt;
- Thug Varadkar neamhspleáchas d’Aerfort na Sionainne.
- D’fhorbair sé Straitéis nua um Shábháilteacht ar Bhóithre agus Beartas Náisiúnta um Chalafoirt.
- D’ordaigh sé don Údarás um Bóithre Náisiúnta comharthaí nua a chur in airde a mbeadh an stádas céanna ag an nGaeilge agus an Béarla orthu.[8]
2014
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Iúil na bliana 2014, nuair a rinne an taoiseach go leor athruithe pearsanra sa chomhaireacht, ceapadh ina Aire Sláinte é, mar chomharba ar James Reilly. Bhí géarchéim ann maidir le líon othar ar thralaithe le linn shaoire na Nollag 2014, agus cáineadh an tAire Sláinte mar gheall ar go raibh sé ar saoire le linn na héigeandála.
Mar Aire Sláinte
- Dhaingnigh Varadkar méadú €1bn sa bhuiséad sláinte;
- Thug sé isteach cúram Liachleachtóirí Ginearálta saor in aisce do gach leanbh faoi bhun sé bliana d’aois agus do gach seanóir atá 70 bliain d’aois;
- D’fhoilsigh Varadkar an chéad Straitéis Náisiúnta Máithreachais a rinneadh in Éirinn riamh;
- Dhaingnigh Varadkar maoiniú agus cead pleanála i dtaca le Nua-Ospidéal Náisiúnta na Leanaí in Éirinn;
- D’oibrigh Varadkar go tréan ar mhaithe le Plean “Éire Shláintiúil” an Rialtais chun sláinte mhuintir na hÉireann a fheabhsú, thug sé isteach an chéad reachtaíocht um shláinte phoiblí a achtaíodh in Éirinn chun praghsáil, infhaighteacht agus margaíocht na ndeochanna alcóil a rialáil.
2016
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceapadh Varadkar mar Aire Coimirce Sóisialaí ar an 6 Bealtaine 2016. Ba é an t-aon aire a shínigh i nGaeilge Clár na nAirí i dTithe an Oireachtais.[8]
Taoiseach, 2017-2020
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn thoghchán na ceannaireachta i bhFine Gael in 2017, chuir Varadkar cáipéis polasaí amach ina raibh mír faoin nGaeilge.[8]
Ar 2 Meitheamh 2017, bhí Varadkar tofa mar ceannaire Fhine Gael. Ar 14 June 2017, bhí sé roghnaithe mar Taoiseach tar éis vóta 57–50 le 47 staonadh. Ba é Varadkar an Taoiseach ab óige riamh ag an am sin, agus an chéad Taoiseach aerach agus an chead Ceannaire Rialtais de leath-bhunadh na hIndia.
Bhí béim mhór aige ar an nGaeilge ina chéad óráid mar Thaoiseach sa Dáil. Dúirt sé chomh maith go raibh iarracht mhór á déanamh aige an Ghaeilge a fhoghlaim. Ach d’fhógair an Taoiseach nua sa Dáil gurbh í an Roinn Cultúir a thabharfaí feasta ar an roinn a mbeadh cúram na Gaeltachta uirthi. Ba é seo an chéad uair nach mbeadh ‘an Ghaeltacht’ luaite i dteideal aon roinn rialtais ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956.[8]
Tánaiste
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 27 Meitheamh 2020, bhí Varadkar ceaptha mar Thánaiste na hÉireann i gcomhrialtas le Fianna Fáil agus Comhaontas Glas.
Sceitheadh cáipéisí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sceith Varadkar eolas lena chara Maitiú Ó Tuathail[9][10] agus bhí Paddy Cosgrave ag magadh faoi.[11]
Taoiseach, 2022-2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceapadh Varadkar ina Thaoiseach don dara huair ar 17 Nollaig 2022, Tháinig sé i gcomharbacht ar Mhicheál Martin mar chuid den socrú rialtais, 2020, idir Fine Gael agus Fianna Fáil, agus i gceannas ar an gcomhrialtas in éineacht leis na páirtithe Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas.[12][3]
Ar an bpaindéim ba mhó a bhí aird an rialtais sa chuid dheireanach dá chéad théarma mar Thaoiseach. Thug sin deis dó cuma an státaire a chur air féin sna hóráidí móra a thugadh sé ar mhaithe leis an bpobal a chur ar an eolas faoi na rialacha is déanaí agus iad a spreagadh chun cloí leo.
B’údar bróid ar leith dó, a dúirt sé nuair a d'éirigh sé as, gur éirigh leis an maoiniú do chúrsaí cultúir a dhúbailt.
Chaill Varadkar na reifrinn, 39ú Leasú agus 40ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann ar an 8 Márta 2024.
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go dtí 2017, níor thug Varadkar aon óráid shubstaintiúil faoin nGaeilge sa Dáil le linn a chéad deich mbliana sa Dáil. Ach é ina Thaoiseach léirigh sé tuiscint ar thábhacht shiombalach na Gaeilge. In 2021 dúirt sé cúpla babhta go gcaithfí machnamh a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú mar chuid d’aon iarracht Éire a athaontú.[8]
An Tuaisceart
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dtús a ré mar Thaoiseach d’fháiltigh an tOrd Oráisteach roimhe ina Mhúsaem in oirthear Bhéal Feirste agus rinne sé an oscailt oifigiúil ar Fhéile an Phobail i gceantar na bhFál, an ceiliúradh in iarthar na cathrach a bhfuil Sinn Féin bródúil as.
Dúirt aontachtaithe gur mhinic a d’easaontaigh siad ach gur deineadh é go múinte.. Cé gur léirigh sé i bhfad níos mó spéise in Éire aontaithe ná mar is dual do Thaoisigh ó Fhine Gael, cháin poblachtánaithe é as easpa ullmhúcháin le haghaidh reifreann faoin teorainn.[13]
Breatimeacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Breatimeacht cor diúltach ina chaidreamh le haontachtaithe, toisc gur chuir sé cos i dtaca chun teorainn chrua iar-Bhreatimeachta ar oileán na hÉireann a chosc. Thuill sé féin agus a chomhghleacaí, Simon Coveney moladh as sin ó dhaoine ar mhian leo fanacht san Aontas Eorpach agus srian a chur leis an dochar ón mBreatimeacht.[13]
Éirí as
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 20 Márta 2024, d'fhógair Varadkar go raibh sé ag éirí as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhine Gael, agus é ag rá gurb é an t-am a chaith sé ina Thaoiseach “an tréimhse is sásúla de mo shaol” agus go raibh “Éire á stiúradh aige ón dífhostaíocht go dtí an lánfhostaíocht, ó easnamh buiséid go barrachas buiséid, ó dhéine go rathúnas”. Dúirt sé go raibh sé “bródúil as go bhfuil an tír ina háit níos cothrome agus níos nua-aimseartha maidir le cearta leanaí, an phobail LADT, comhionannas do mhná agus a neamhspleáchas coirp”. Dúirt Varadkar go raibh sé le n-éirí as "ar chúiseanna pearsanta agus polaitiúla", ach ní dúirt sé níos mó faoin chúis lena chinneadh.[14][15][7]
Bhí Varadkar 45 bliain d'aois ag an am agus thug sé le tuiscint cheana go raibh rún aige éirí as an bpolaitíocht sula mbeadh an leathchéad sáraithe aige.[16]
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Varadkar i mBaile Átha Cliath. Is Éireannach í a mháthair.[17]
Ciallaíonn Varadkar ‘as Varad’, baile beag san India arbh as muintir athair an Taoisigh, Ashok Varadkar, ó thús.[18] Bhog Ashok go hÉirinn sna 1960idí.[19] Dochtúir is ea a athair, a d'oibrigh mar dhochtúir teaghlaigh i mBaile Bhlainséir.
D'fhreastail Varadkar ar Scoil Náisiúnta Naomh Proinsias Xavier agus ar Scoil Ospidéal an Rí, i mBaile Phámar. Rinne sé staidéar ar an leigheas i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit ar cháiligh sé mar dhochtúir leighis.
Is maith le Varadkar bheith ag faire ar rugbaí agus ar an bpeil ghaelach, is leantóir Laighean (rugbaí) agus leantóir Bhaile Átha Cliath (CLG) é.
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhronn an Coimisinéir Teanga Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil ar Varadkar i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath ar 7 Meán Fómhair 2017.[21]
Roimh an bhliain 2017, chloígh Varadkar le ‘Leo Varadkar’ nuair a bhí gnó oifigiúil aige i nGaeilge. Ach ba é an sloinne "Leo de Varad" a roghnaigh sé le cur ar an teastas Gaeilge sa bhliain 2017.[20]
Gnéasacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Eanáir 2015 d'fhógair Varadkar ar an gclár raidió Miriam on Sunday go bhfuil sé aerach. Theastaigh uaidh an méid sin a dhéanamh poiblí ionas nach gceapfaí go raibh clár folaithe oibre aige maidir leis an reifreann ar chomhionannas pósta ná ar cheisteanna eile. Dúirt sé gur duine an-phríobháideach é agus go leanfadh cúrsaí mar a bhí ón taobh sin de.
I mí na Nollag 2022, glacadh físeán de Varadkar i gclub oíche i mBaile Átha Cliath, ag pógadh fear.[22] Ar 11 Nollaig 2022, foilsíodh físeán den eachtra seo ar na meáin shóisialta. Cíoradh an scéal i gcuid de na meáin ina dhiaidh sin.[23][24]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Chum Varadkar leagan nua dá shloinne, 'Leo de Varad', sa bhliain 2017 (2017). "Cén Ghaeilge atá ar Varadkar? Tá a leagan féin cumtha ag an Taoiseach…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ Facebook (2017). "An lá a toghadh Leo Varadkar ina Thaoiseach" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 "Leo Varadkar ceaptha ina Thaoiseach den dara huair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ Mícheál Lehane (2024-03-20). "Leo Varadkar steps down as Taoiseach and FG leader" (as en).
- ↑ "Cosán glan ag Simon Harris do cheannaireacht Fhine Gael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-21). Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ "Simon Harris deimhnithe ina iarrthóir do cheannaireacht FG" (as ga) (2024-03-21).
- ↑ 7.0 7.1 Méabh Ní Thuathaláin (Márta 2024). "Tá Leo Varadkar ag éirí as, ach cad é a tharlóidh anois?" (as ga-IE).
- ↑ 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 Seán Tadhg Ó Gairbhí (22 Márta 2024). "Leo Varadkar agus an Ghaeilge – na boiscíní ticeáilte ach sin an méid" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-24.
- ↑ Lili Lonergan. "Varadkar controversy highlighted at global Web Summit" (en). www.leitrimobserver.ie. Dáta rochtana: 2023-10-22.
- ↑ "Paddy Cosgrave ‘ran toxic campaigns’ against Varadkar and the IDA" (en). Independent.ie (2021-11-07). Dáta rochtana: 2023-10-22.
- ↑ "Varadkar leak mentioned at opening of Web Summit" (en). BreakingNews.ie (2021-11-02). Dáta rochtana: 2023-10-23.
- ↑ Anita McSorley, Ferghal Blaney, Sophie Collins, Louise Burne (2022-12-17). "Live updates as Leo Varadkar becomes Taoiseach with largely unchanged Cabinet" (en). Irish Mirror. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ 13.0 13.1 Póilín Ní Chiaráin (10 Samhain 2024). "Teachtaí Dála a raibh ceangal acu le scéal an Tuaiscirt ag éirí as" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (23 Márta 2024). "Nuacht Mhall (An Dún)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-24.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-20). "'Ionadh' ar an Tánaiste faoi chinneadh Leo Varadkar" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-20). "Leo Varadkar le n-éirí as mar Thaoiseach agus mar cheannaire FG" (as ga-IE).
- ↑ "Ashok Varadkar" (en). The Irish Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-12-17. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ "Varad · Gujarat 394355, India" (en). Varad · Gujarat 394355, India. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ ELeathanach 266, 6 Meitheamh 2017
- ↑ 20.0 20.1 Maitiú Ó Coimín (8 Meán Fómhair 2017). "Cén Ghaeilge atá ar Varadkar? Tá a leagan féin cumtha ag an Taoiseach…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ Nuacht RTÉ (2017-09-08). "Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil bronnta ar an Taoiseach" (as ga-IE).
- ↑ Zack NatioN (2022-12-15). "Watch Video Of Leo Varadkar Nightclub Footage Leaked Online" (en-GB). Zacknation - Ghanaian No. 1 Music Download Website. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-12-12). ""Sárú príobháideachais atá san fhíseán den Tánaiste" - Taoiseach" (as ga-IE).
- ↑ Reddit (2022). "Varadkar kiss debate". Dáta rochtana: 2022.
- Daoine a rugadh i 1979
- Daoine beo
- Airí Rialtais na hÉireann
- Alumni Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Baill den 30ú Dáil
- Baill den 31ú Dáil
- Baill den 32ú Dáil
- Baill den 33ú Dáil
- Ceannairí Fhine Gael
- Fir aeracha
- Lianna Éireannacha
- Tánaistí na hÉireann
- Taoisigh na hÉireann
- Baile Átha Cliath Thiar
- Polaiteoirí as Baile Átha Cliath