Adolf Anderssen
Ainm sa teanga dhúchais | (de) Karl Ernst Adolf Anderssen |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 6 Iúil 1818 Wrocław (Cónaidhm na Gearmáine) |
Bás | 13 Márta 1879 60 bliana d'aois Wrocław (Impireacht na Gearmáine) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
Áit adhlactha | Reilig Osobowice |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Wrocław |
Gníomhaíocht | |
Gairm | imreoir fichille, scríbhneoir neamhfhicsin, cumadóir fichille |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Tír spóirt | an Ghearmáin |
Spórt | ficheall |
Ghlac sé/sí páirt i | |
21 Meitheamh 1851 | Immortal Game (en) |
1851 | London 1851 chess tournament (en) |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Imreoir fichille Gearmánach ab ea Karl Ernst Adolf Anderssen (6 Iúil, 1818 – 13 Márta, 1879). Bhuaigh sé comórtais mhóra idirnáisiúnta 1851 agus 1862, ach chaill sé cluichí in aghaidh Paul Morphy in 1858, agus Wilhelm Steinitz in 1866. Dá réir sin, meastar go ginearálta gurbh é ar an imreoir fichille is fearr ar domhan ó 1851 go 1858, agus an príomh-imreoir gníomhach (i ndiaidh dul ar scor Morphy) ó 1862 go 1866, cé nach raibh an teideal Curaidh Domhanda ann fós.
Ba é Anderssen an t-imreoir is rathúla san Eoraip, agus an bua a bheith aige i níos mó ná leath na na gcomórtas a chuir sé isteach, an comórtas Baden-Baden 1870 an-láidir san áireamh. Bhain sé an chuid is mó dá rath nuair a bhí sé níos sine ná 50 bliain d’aois. Tá cáil ar Anderssen inniu as a imirt iontach ionsaitheach íobartach, go háirithe san "Immortal Game" (1851) agus an "Evergreen Game" (1852).