Alexander Fleming
Baictéareolaí, a rugadh gar do Dharbhail na hAlban, ab ea an Ridire Alexander Fleming (7 Lúnasa 1881 – 11 Márta 1955). Tá sé cáiliúil de bharr fionnachtana (a rinne sé de thimpiste) ar an antaibheathach peinicillin i 1928 agus níos déanaí.[1]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é ceannródaí in úsáid Salvarsan (Arsphenamine) i gcoinne sifilise sna 1910idí.[2][3]
D'fhionn sé cumas lísisíme mar fhrithbheathach.
Peinicillin
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 1928 thug Alexander Fleming faoi deara gníomhaíocht an chaonaigh ar an mbaictéar stafalacocas nuair a truaillíodh a phláta saothráin leis an gcaonach liath. Más fíor scéal, ba trí thimpiste a fuair Alexander Fleming eolas ar pheinicillin nuair a chonaic sé an méid a bhí ag tarlú le caonach liath ar leic fuinneoige.[4]
Tháinig Fleming ar pheinicillin timpeall an ama chéanna le Howard Florey is Ernst Chain. Roinn an triúr acu Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1945.
Nuair a cuireadh an bholgach de dhroim seoil, measadh ag an am, agus cúis mhaith leis, go raibh sé ar cheann de na héachtaí leighis ba mhó riamh a rinne an duine.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ cogg.ie. "An Modh Eolaíoch". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.
- ↑ "Alexander Fleming | Biography, Education, Discovery, Nobel Prize, & Facts | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2023-03-11.
- ↑ "Alexander Fleming | Biography, Education, Discovery, Nobel Prize, & Facts | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2023-03-11.
- ↑ Kevin Hickey (5 Meán Fómhair 2017). "Galar Alzheimer agus gadhair: an gearr uainn leigheas?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-11.