Location via proxy:   [ UP ]  
[Report a bug]   [Manage cookies]                
Jump to content

Brian Stowell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBrian Stowell

(2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en-gb) Thomas Brian Stowell Cuir in eagar ar Wikidata
6 Meán Fómhair 1936
Doolish, Oileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Eanáir 2019
82 bliana d'aois
Doolish, Oileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Learphoill Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, docent, pearsa raidió, fisiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, Gaeilge Mhanann agus an Ghaeilge

Duine de phríomhghníomhaithe athbheochan na Manainnise ab ea Brian Stowell (6 Meán Fómhair 193618 Eanáir 2019). Rugadh in Doolish, Oileán Mhanann é. Craoltóir, teangeolaí, agus scríbhneoir Manainnise ab ea é. Nuair a bhí sé ina mhac léinn óg, bhain sé líofacht sa Mhanainnis amach, agus rinne sé téipthaifeadtaí ar chaint na gcainteoirí deireanacha dúchais. D'fhoghlaim sé Gaeilge na hÉireann freisin, agus d'aistrigh sé áiseanna teagaisc ón teanga sin go Manainnis. Nuair a tháinig Raidió Mhanann ar an bhfód, bhí an-pháirt aige i bhforbairt an chraolacháin san oileán.

Ar Lá Tinvaal 2010, bhronn an Tinvaal (Dáil Mhanann) a Onóracha ar Stowell — an t-aitheantas is airde is féidir le stát Mhanann a thabhairt d'aon duine.

D'aistrigh sé leabhar dar teideal Reks Carlo ayns Mannin, scéal bleachtaireachta faoi Réics Carló, go Manainnis. Sa bhliain 1990, d'fhoilsigh Stowell leagan Manainnise d'Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas, Contoyryssyn Ealish ayns Çheer ny Yindyssyn. Eisean a chum an chéad bhun-úrscéal sa teanga riamh freisin, Dunveryssyn yn Tooder-Folley ("Dúnmharuithe an tSúmaire Fola"), a cuireadh i gcló sa bhliain 2006.