Eitilt le sreanga
Cuma
Córais rialaithe in eitleáin ina gcruthaítear comharthaí leictreacha ó rialaitheoirí an phíolóta, agus a bpróiseáiltear na comharthaí sin le ríomhaire chun comharthaí stiúrtha a chur chuig na dromchlaí stiúrtha: an stiúir, na hailearáin, na plapaí is eile. Roimhe seo dhéanadh rialaitheoirí an phíolóta cáblaí a tharraingt nó a bhrú chun córais hiodrálacha a fheidhmiú agus na dromchlaí stiúrtha a thiomáint. Meastar go mbeidh na córais eitilte le sreanga i bhfad níos iomláine is níos gasta chun freagartha nuair a thiontaíonn an aimsir clamprach nó i gcoinníollacha deacra eitilte eile.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eitilt le sreanga". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 246.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |