Eva Braun
B'í Eva Anna Paula Braun (6 Feabhra 1912 – 30 Aibreán 1945) bean chéile Adolf Hitler. Níor phós siad ach ar an 29 Aibreán 1945, nuair a bhí an tArm Dearg ag cúngú orthu. An lá arna mhárach, chuir Hitler agus Braun lámh ina mbás féin.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Eva Braun oiliúint i scoil trádála agus chuaigh sí ag obair ina cúntóir do Heinrich Hoffmann, grianghrafadóir Hitler. Ansin a fuair sí aithne ar Hitler, an chéad uair sa bhliain 1929, nuair a bhí sí seacht mbliana déag d'aois, agus théadh Hitler agus sise chuig na pictiúirí uaireanta.
Níor thosaigh an cumann grá dháiríre roimh an mbliain 1932, nuair a chuir neacht Hitler, Angela "Geli" Raubal, lámh ina bás féin. D'fhág a bás siúd Hitler go mór faoi léan, agus ansin, chuir Eva an chuma ar an scéal go raibh sí féin meáite ar fhéinmharú a dhéanamh. D'éirigh Hitler chomh buartha fúithi, ansin, nach scarfadh sé léi a thuilleadh.
Duine neamhpholaitiúil go hiomlán ab ea Eva Braun, agus ní cheisteodh sí polasaithe Hitler. B'iad an faisin, na scannáin agus an ceol na rudaí ba mhó ba suim léi.
Cé go raibh cumann grá acu ón mbliain 1932 i leith, níor phós siad roimh Aibreán 1945. Ceann de na cúiseanna a luaitear leis sin is ea go raibh eagla ar Hitler go gcaillfeadh sé vótaí na mban sna toghcháin, nó go gcaillfeadh sé a ngnaoi nuair a bhí sé ina dheachtóir.[1]
Féinmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Hitler agus Braun lámh ina mbás féin ar an 29 Aibreán 1945, Shlog Braun agus Hitler ciainíd, is cosúil agus ansin scaoil Adolf urchar leis féin ar eagla na heagla. Cuireadh na coirp trí thine ansin