Robert F. Kennedy
Polaiteoir agus dlíodóir de chuid na Stát Aontaithe ba ea Robert Francis "Bobby" Kennedy, no RFK mar a tugadh air go minic, (Gaeilge: Roibeárd Proinsias Ó Cinnéide; 20 Samhain 1925 – 6 Meitheamh 1968). Ba dhuine de theaghlach iomráiteach Kennedy é. Bhí sé ina Ard-Aighne i rialtas a dhearthár John F. Kennedy, uachtarán na Stát Aontaithe idir 1961 agus 1963. Tar éis bhás an uachtaráin, toghadh Bobby ina sheanadóir ar an stát Nua-Eabhrac.
D'éag an an Cinnéideach ar an 6 Meitheamh 1968 de bharr na n-urchar marfach a scaoil fear as a mheabhair (nó scéimhlitheoir, d’fhéadfaí a rá), Sirhan Bishara Sirhan, an lá roimhe sin.
Deirtear go minic go raibh an an Cinnéideach i measc na nArd-Aighní is fearr i stair na Stát Aontaithe agus go raibh sé ar thús cadhnaíochta na hóráidíochta sa chéad seo caite i bpolaitíocht na tíre.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Kennedy chun saoil i Brookline, Massachusetts, duine de theaghlach polaitiúil mór le rá. Liostáil sé sa chabhlach le troid in aghaidh na bhfaisisteach i mí Dheireadh Fómhair 1943 agus ní raibh acht seacht mbliana déag d'aois aige. Printíseach i gCúltaca an Chabhlaigh a bhí ann ar dtús. Ó mhí an Mhárta 1944 go dtí Meitheamh 1945, oileadh mar oifigeach é in Ollscoil Harvard agus Coláiste Bates[2] i Maine (cuid den chlár "V-12").[3]
D'fhill sé ar chúrsaí scoláireachta (1946-48).chun céim a bhaint amach ó Ollscoil Harvard san eolaíocht pholaitiúil sa bhliain 1948. Ina dhiaidh sin, d'fhreastail sé ar an Scoil Dlí, Ollscoil Virginia, a bhronn céim air sa bhliain 1951. Glaodh chun bharra Massachusetts air sa bhliain chéanna.
Cleachtadh dlí agus polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Idir 1951 agus 1952, bhí post aige ar dtús sa rannóg slándála inmheánaí san Fho-Roinn Coiriúil de Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe. Ina dhiaidh sin, bhí post aige i gCeantar Oirthear Nua-Eabhrac áit ar ullmhaigh sé ionchúisimh as caimiléireacht.
Thóg sé briseadh chun feachtas seanadóra rathúil a stiúradh ar son a dhearthár. I 1952, bhuaigh John F. Kennedy an suíochán Seanaid i Massachusetts, i gcoinne an tSeanadóra Henry Cabot Lodge (Poblachtach).
Ansin bhí Ó Cinnéide ina abhcóide cúnta de chuid an Bhuan-Fhochoiste um Fhiosrúcháin de Sheanad na Stát Aontaithe, a raibh an Seanadir "Joe" Mac Carthaigh ina chathaoirleach air. Bhí sé sa phost sin ó mhí na Nollag 1952 go dtí mí Iúil 1953. Ccé nár aontaigh sé lena chuid modhanna, réitigh sé go maith leis an gCarthach ar leibhéal pearsanta i gcónaí.
Rinneadh príomhabhcóide ar son na nDaonlathaithe sa Seanad de i mí Feabhra 1954.Ba dhuine teasaí taghdach é Robert.[4] Dúirt sé go mbíodh sé deacair smacht a choimeád ar a fhaghairt.[5][6]
Bhí sé ag obair d'fheachtas uachtaránachta Adlai Stevenson sa bhliain 1956. Is mór a tarraingíodh aird an phobail air mar gheall ar an ról iomráiteach a bhí aige mar phríomh-abhcóide don Roghchoiste um Ghníomhartha Míchuí, de chuid an Luchta Oibre agus de chuid an Luchta Bhainistíochta (Coiste Mhic Giolla Fhaoláin)[7], post a bhí aige ó 1957 go 1959, tráth a raibh achrainn theilifíse idir an Cinnéideach agus Jimmy Hoffa agus ceannairí ceardchumainn eile.
Rinne an an Cinnéideach bainistíocht ar fheachtas uachtaránachta a dhearthár, John F. Kennedy, sa bhliain 1960. Ceapadh ina Ard-Aighne na Stát Aontaithe é i Rialtas Uí Chinnéide, post a bhí aige idir 1961 agus 1964. Sular ceapadh é níor láithrigh sé i gcúirt ar bith riamh mar dhlíodóir a bhí ag cleachtadh. Ós rud é go raibh an oiread muiníne ag an Uachtarán ina dheartháir, bhí ról i bhfad ní ba thábhachtaí aige sa rialtas ná a bheadh ag Ard-Aighne de ghnáth, ag glacadh ról suntasach ag plé leis na Sóivéadaigh, go mór mór i dtrátha am Ghéarchéim Chúba sa bhliain 1962.
Mar Ard-Aighne lean sé ar aghaidh lena fheachtas in aghaidh ceannairí ceardchumainn éillitheacha agus chuir sé béim nach bhfacthas roimhe sin ar chearta sibhialta a chur i bhfeidhm, ag comhoibriú go dlúth leis an Dochtúir Martin Luther King Óg agus le ceannairí cearta sibhialta eile.
Ina aonar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis dá dheartháir a bheith feallmharaithe i mí na Samhna 1963, lean an Cinnéideach ar aghaidh mar Ard-Aighne go dtí mí Mheán Fómhair 1964, d'ainneoin go raibh droch-chaidreamh a bhí aige, mar b'eol do chách, le Lyndon B. Johnson, a tháinig i gcomharbacht ar a dheartháir mar uachtarán.
D'éirigh sé as an bpost sin chun seasamh go rathúil i dtoghchán Seanadóra i Nua-Eabhrac. Agus é ina Sheanadóir de chuid na Stát Aontaithe (1965-68) chloígh sé leis an tiomantas a bhí aige do chearta sibhialta agus, chomh maith leis sin, bhí ar thóir gunnaí a rialú, cearta ní b'fhearr a fháil d'oibrithe feirme agus athnuachan uirbeach a chur chun cinn.
Ba é saintréith a fheachtais uachtaránachta sa bhliain 1968 gur mhéadaigh an bearna idir an Seanadóir Roibeárd Ó Cinnéide agus an tUachtarán Johnson maidir le Cogadh Vítneam. Bhí sé díreach tar éis toghchán tosaigh California a bhuachan agus áit mar an iomaitheoir ba ghaire don Leas-Uachtarán Hubert Humphrey a bhaint amach (an rogha ab fhearr leis an Uachtarán Johnson) nuair a scaoileadh go marfach air.
Feallmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí a fheachtas uachtaránachta faoi lán seoil nuair a bhuaigh Kennedy toghchán tosaigh cinniúnach i gCalifornia ar an 4 Meitheamh 1968. Thug sé óráid ghaisce ina bhunáit feachtasaíochta san Óstán Ambassador in Los Angeles go moch ar an maidin dár gcionn. Bhí an seanadóir ar tí bálseomra an óstáin a fhágáil chun dul i dtreo seomra na meáin nuair a d'fheallmharaigh an Palaistíneach, Sirhan B. Sirhan, é. Ní raibh sé ach 42 bliain d'aois. Gortaíodh cúigear eile.
Bhí Sirhan ar an ól agus fearg air, a dúirt sé, faoi “Cogadh na Sé Lá”; bhí an lá cuimhneacháin ar 5 Meitheamh agus bhí Giúdaigh ag cóisireacht.[8]
Clann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba lánúin síolraitheach iad Robert agus a bhean chéile Ethel. Mar sin, bhí clann mhór acu; rugadh a n-aonú leanbh déag tar éis a fheallmharú i Los Angeles.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ UCD School of Law. "Roibeárd Proinsias Ó Cinnéide" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-06.
- ↑ "Bates College" (as en) (2020-05-30). Wikipedia.
- ↑ "V-12 Navy College Training Program" (as en) (2020-05-31). Wikipedia.
- ↑ Michael O’Donnell (2017-06-09). "How the Thug Became a Dove" (en-US). Wall Street Journal. Dáta rochtana: 2020-06-06. RFK was "a fixer and leg-breaker as JFK’s campaign manager; an unforgiving and merciless cutthroat—his father’s son right down to Joseph Kennedy’s purported observation that “he hates like me.” Yet Bobby somehow became a liberal icon...
- ↑ Schlesinger, Arthur M. Jr. (1978). "Robert Kennedy and His Times", pg 150.
- ↑ Philip A. Goduti Jr (2012-11-06). "Robert F. Kennedy and the Shaping of Civil Rights, 1960-1964 "My biggest problem as counsel is to keep my temper." a dúirt sé." (as en). McFarland.
- ↑ McClellan Committee (2020-05-10). "United States Senate Select Committee on Improper Activities in Labor and Management" (as en). Wikipedia.
- ↑ "Sirhan Sirhan" (as en) (2019-06-05). Wikipedia.
- Ailt le téacs sa Ghaeilge
- Daoine a rugadh i 1925
- Básanna i 1968
- Alumni Ollscoil Harvard
- An Dara Cogadh Domhanda
- Críostaithe
- Daoine as Brookline, Massachusetts
- Daonlathaigh na Stát Aontaithe
- Dlíodóirí Mheiriceá
- Daoine a feallmharaíodh
- Fir
- Gníomhaithe cearta daonna Meiriceánacha Afracacha
- Seanadóirí na Stát Aontaithe
- Teaghlach Kennedy
- Meiriceánaigh de bhunadh na hÉireann