Súsán
Sphagnum | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Aicme | Sphagnopsida |
Ord | Sphagnales |
Fine | Sphagnaceae |
Géineas | Sphagnum L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Sphagnum palustre |
Is géineas é Sphagnum a bhfuil thart ar 380 speiceas caonach ann,[1][2] ar a dtugtar súsán, caonach móna, sfagnam, nó fionnmhóin go coitianta.[3] Is féidir le carnadh Sphagnum go leor uisce a stóráil laistigh dá gcealla, plandaí beo agus marbha araon; d'fhéadfadh planda amháin 16–26 uair níos mó uisce ná a mheáchan tirim a choinneáil, ag brath ar an speiceas.[4] Tá na cealla folmha in ann uisce a stóráil i gcoinníollacha níos tirime.
De réir mar a fhásann an súsán, féadann sé leathadh go mall go dtí limistéir níos tirime, próiseas a chruthaíonn portaigh ardaithe agus bratphortaigh.[5] Mar sin, is féidir le súsán tionchar a imirt ar ghnáthóga dá leithéid, agus déantar cur síos ar shúsán mar “láimhsitheoir gnáthóige”.[6] Ansin, soláthraíonn na carnthaí móna seo gnáthóg do raon leathan plandaí, mar shampla luachair agus toir eiriceacha, chomh maith le magairlíní agus plandaí feoiliteacha.[7][8]
Ní fheonn súsán ná an mhóin a thagann uaidh go héasca mar gheall ar na comhdhúile feanólacha atá leabaithe i gcillbhallaí an tsúsáin. Ina theannta sin, forbraíonn portaigh, cosúil le gach bogach, coinníollacha ithreach anaeróbacha, rud a tháirgeann lobhadh anaeróbach atá níos moille ná lobhadh aeróbach. Is féidir le súsán a thimpeallacht a aigéadú freisin trí ghlacadh le caitiain, mar shampla cailciam agus maignéisiam, agus trí iain hidrigine a scaoileadh.
Faoi na coinníollacha cearta, is féidir le móin a charnadh go leor méadar ar doimhneacht. Glacann speicis éagsúla Sphagnum le leibhéil éagsúla tuilte agus pH, agus faightear roinnt speiceas éagsúil i bportach amháin.[9][7]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Dierk Michaelis (2019): The Sphagnum Species of the World (Sphagnum bible: keys for all peat moss species by continents, and Sphagnum species lists for 20 phytogeographic regions of the world)”. Schweizerbart (21 Samhain 2019).
- ↑ “Sphagnum on theplantlist”. Theplantlist.org. Dáta rochtana: 17 Meán Fómhair 2016.
- ↑ ““Sphagnum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-12.
- ↑ Bold, H. C. 1967. Morphology of Plants. 2ú heagrán. Harper and Row, Nua-Eabhrac. lgh. 225-229.
- ↑ Gorham E. (1957). "The development of peatlands". Quarterly Review of Biology 32 (2): 145–66. doi: .
- ↑ Walker, M. D. 2019. Sphagnum: the biology of a habitat manipulator. Sicklebrook Publishing, Sheffield, U.K.
- ↑ 7.0 7.1 O'Neill (25 February 2020). "Establishing Ecological Baselines Around a Temperate Himalayan Peatland". Wetlands Ecology & Management 28 (2): 375–388. doi: .
- ↑ Keddy, P. A. (2010). Wetland Ecology: Principles and Conservation (2nd edition). Cambridge University Press, Cambridge, UK. 397 pp.
- ↑ Vitt D. H., Slack N. G. (1984). "Niche diversification of Sphagnum relative to environmental factors in northern Minnesota peatlands". Canadian Journal of Botany 62 (7): 1409–30. doi: .